Tá an Litreoir Gaelspell do LibreOffice an-mhaith. Is é an litreoir is fearr ar an margadh é. Mar an gcéanna, tá an Gramadóir iontach maith chomh maith.
Ach, níl ceachtar acu foirfe. Tarlaíonn sé uaireanta go mbíonn meancóg, nó botún, ann. Go minic aithnítear gur botún atá ann agus déantar neamhaird de.
Bheadh sé deas na botúin seo a bhailiú, sa chaoi is go bhféadfaí iad a cheartú i leaganacha nua de na háiseanna seo. Mar sin, iarraimid go caoin ortsa, mar úsáideoir, cuidiú linn an t-eolas seo a bhailiú. Le do thoil, seol eolas chugainn leis an eolas seo a leanas: