Go minic bíonn gá le focal a bhriseadh ina dhá chuid ag deireadh líne, go háirithe i leabhair nó i bhfoilseacháin oifigiúla. Is riachtanas é a eascraíonn ón gclóchur. Mura ndéantar na focail a scoilteadh, bíonn cruth aisteach ar an dtéacs.
Ardaíonn sé seo ceist eile: cén áit go díreach ar féidir focal a bhriseadh? Ní féidir focal a bhriseadh “in aon áit”, mar bíonn torthaí an-mhínádúrtha le sonrú sna cásanna sin. Mar shampla, an mbeadh sé ceart an focal “rachaidh” a scoilt mar seo: “rac-” agus “haidh” ar an gcéad líne eile? Ní bheadh, ná baol air. Nó mar “racha” agus “idh”? Ach oiread.
Tá rialacháin a ghabhann le scoilteadh na bhfocal, agus is rialacháin iad seo nach múintear ná nach mbíonn ar eolas go forleathan. Téitear i dtaithí ar na nósanna.
Ach, le Gaelspell, tá na rialacháin a ghabhann le scoilteadh na bhfocal go léir ann mar chuid den phacáiste. Mar sin, má tá neart téacs agat, agus srianta clóchuradóireachta chomh maith, is féidir leat an Fleiscíneoir a chur ag bhfeidhm air. Déanfaidh sé an cinneadh cén áit le focail a bhriseadh, ach fiafróidh sé díot maidir leis na hathruithe atá á mbeartú aige.
Ní uirlis í seo a bhaintear mórán leasa as ag daoine nach mbíonn i mbun foilsitheoireachta, ach bíodh a fhios agat go bhfuil sé ar fáil mar chuid de Gaelspell, agus é fáil saor in aisce do LibreOffice.
Má theastaíonn uait an uirlis seo a fheiceáil ag obair, déan é seo a leanas: