Nóta: Is é atá á phlé anseo ná an Gramadóir, ní an clár LibreOffice. Tá treoracha anseo maidir le suiteáil LibreOffice. Déan cinnte go dtuigeann tú an chéim sa bhreis atá i gceist má tá an córas oibriúcháin agat as Béarla.
Íoslódáil an comhad UirlisiOifigMac.oxt
Cliceáil ar an gcomhad. Osclóidh an clár LibreOffice. Glac leis na roghanna go léir.
Athraigh teanga an téacs go Gaeilge. Tá 3 dhóigh len é a dhéanamh:
(i) Déan deas-chliceáil ar an mbarra uirlisí bun agus roghnaigh Gaeilge mura bhfuil sí roghnaithe cheana; nó
(ii) Roghnaigh téacs leis an luchóg agus déan mar atá scríofa thuas i (i); nó
(iii) Le Gaeilge a dhéanamh mar theanga réamhshocraithe, téigh go:
Bain triail as téacs simplí le cúpla botún (mílitriú agus botún gramadaí) m.sh. ‘Sin e mo cara’... Ba cheart go mbeadh línte faoi na botúin mar atá le feiceáil sa phictiúr thíos.