Is áis é an Bunachar Gramadaí (An Gramadán) a chuireann ar chumas an úsáideora teacht go héasca ar an eolas gramadaí a bhaineann le focail Ghaeilge, m.sh. inscne agus foirmeacha infhillte na n-ainmfhocal agus conas a théann siad leis an alt; aimsirí, modhanna agus foirmeacha na mbriathra; foirmeacha agus úsáid na n-aidiachtaí; srl.
Chun an Bunachar Gramadaí seo a chur i dtoll a chéile, fuarthas sonraí gramadaí ó WinGléacht agus ó focal.ie agus rinneadh iad a phróiseáil leis an ríomhchlár Gramadán chun iad a eagrú agus a oiriúnú go córasach. Rinne foireann eagarthóireachta profáil deiridh orthu ansin.
Chun teacht ar an eolas ábhartha faoi fhocal, ní gá ach an focal sin a chur sa bhosca cuardaigh agus cliceáil chun tábla an eolais ghramadaí a fháil. Chomh maith leis sin feictear innéacs ar dheis de na focail go léir a bhfuil comhaid ghramadaí ar fáil dóibh sa Bhunachar Gramadaí, agus innéacs aibítreach den ábhar ag barr an scáileáin.
Tá an bunachar seo á thógáil de réir a chéile. Beifear ag cur go leanúnach leis an gcumhdach i dtaca le sonraí gramadaí. Tá i gceist chomh maith go gcuirfí leagan in-íoslódáilte den bhunachar sonraí gramadaí ar fáil saor in aisce mar áis dóibh siúd ar spéis leo é.