Cad atá cruinn: “Ní bhfaighfidh mé” nó “Ní gheobhaidh mé”? Tá briathra na Gaeilge cuíosach simplí, ach má tá gá agat le réimniú bhriathair a aimsiú go díreach, bíodh a fhios agat go bhfuil roinnt áiseanna ann chun cabhrú leat.
Freisin, má tá amhras ort maidir leis an gcaoi a úsáideann tú na briathra chéanna, bíodh a fhios agat freisin go bhfuil leathanach eile ann a phléann an cheist seo.
Is féidir dul go dtí An Foclóir Beag atá ag Ollscoil Luimnigh:
agus an leagan den bhriathar sa Mhodh Ordaitheach a chur isteach sa bhosca cuardaigh. Mar shampla, má chuireann tú “scríobh” isteach sa bhosca, agus an cnaipe a bhrú, taispeánfar gach leagan den bhriathar.
Má tá an leagan diúltach ag teastáil, nó an leagan ceisteach, ní gá ach an cnaipe cuí a bhrú agus taispeánfar é.
Cé nach bhfuil an suíomh féin róálainn, tá an t-eolas ann cruinn, agus é bunaithe ar An Foclóir Beag, a d’fhoilsigh An Gúm roinnt blianta ó shin.
Is féidir leas a bhaint as an bhfeidhmchlár WinGléacht chomh maith. Cuir isteach an briathar arís sa Mhodh Ordaitheach, agus déan deaschliceáil chun gach leagan den bhriathar a fheiceáil.
Tá an leagan amach beagáinín níos deise ná sa suíomh ag an ollscoil, ach níl an t-eolas ar fad ar an aon leathanach.
Is gá íoc as an bhfeidhmchlár WinGléacht. Ní áis saor ó chostas é. Tá tuilleadh eolais faoi faoin gcolún Aistriú/WinGléacht ar an suíomh seo.
Is minic a bhaintear mí-úsáid as briathra i nGaeilge, agus de ghnáth is é atá laistiar de seo ná éifeacht an Bhéarla. Déanann an suíomh seo a leanas, ó acmhainn.ie cur síos ar roinnt de na drochnósanna, agus molann sé leigheas orthu: