An Caighdeán Oifigiúil
Is é atá sa Chaighdeán Oifigiúil ná cur síos ar ghramadach agus ar litriú na Gaeilge. Tá an Caighdeán, mar is fearr aithne air, ar fáil i bhfoirm leabhair, agus é foilsithe ag An nGúm.
Tá leagan PDF curtha ar fáil ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais. Seo thíos é:
I láthair na huaire, is doiciméid amháin an Caighdeán uile. Bheadh sé beagáinín níos acraí dá mba rud é go raibh na caibidlí scartha óna chéile, ach is iontach an áis í a bheith ar fáil in aon chor.
Bheadh sé níos fearr fós dá mbeadh an Caighdeán eagraithe ar bhealach loighciúil, ar bhealadh ina bhféadfaí cuardach a dhéanamh ar-líne ar na téamaí éagsúla ann.
Is féidir leas a bhaint as aon fheidhmchlár oscailte PDF, ar nós Sumatra Reader, chun an cháipéis a chíoradh.