Tionscadail Eile

borradh níos leithne tar éis teacht ar chúrsaí ríomhaireachta i réimse na Gaeilge. Tá roinnt suímh agus tionscadail eile ann freisin, seachas iad siúd atá luaite cheana ar an suíomh seo, agus atá iontach acrach iontu féin.

Ina measc siúd, tá uirlis le caint shintéiseach a chur ar fáil, mar aon le foclóirí ársa ar-líne.

Sa chuid seo den suíomh tugtar sracfhéachaint orthu siúd, agus treoraítear an cuairteoir chucu.

Tá súil againn cur leo seo le himeacht aimsire.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.