Aistear - Áiseanna d’Aistritheoirí agus Eagarthóirí

Is minic a shníonn Béarlachas nó drochGhaeilge de shaghas éigin eile isteach i dtéacs nuascríofa Gaeilge, idir théacsanna nua agus aistriúcháin. Uaireanta tarlaíonn sé i ngan fhios.

Tá suíomh nua ann anois www.aistear.ie a dhéanann anailís fhóiréinseach ar na drochnósanna is coitianta, agus a mholann leigheas orthu. Tá sé dírithe ar aistritheoirí, eagarthóirí, agus ar éinne eile a scríobhann go rialta.

Tóg an sampla seo: “dár liom” nó “dar liom“? Is minic daoine ag scríobh an chéad leagain, atá míchruinn. Tá cur síos beacht air seo anseo, faoin mhír “DAR VS DÁR”.

Féach an méid a deirtear maidir le “ná”. Agus an raibh a fhios agat go raibh gá le fleiscín i Nua-Eabhrac? D’fhéadfaí an lá ar fad a chaitheamh ag déanamh mionscrúdú ar na samplaí.

Tá neart ábhar eile ar an suíomh, seachas anailís ar fhocail. Tá ceachtanna ann, mar aon le treoracha do aistritheoirí agus iad i mbun a gceirde.

Seo dáiríre, dar linne, an leathanach is tábhachtaí: Clár na bhFocal. Is anseo ar gá duit tosú má tá focal ar leith idir chaibidil agat.

Dar linn, freisin, d’fhéadfaí feabhas a chur ar an suíomh trí Chlár na bhFocal a chur ar an leathanach baile, agus sampla fánach, a d’athródh gach lá, a chur ann, ar an nós céanna atá ag www.focal.ie. (Mar sin féin, tá nasc ann faoin bpictiúr “Cruinneas”.) Cinnte, is spéis le daoine an cúlra, agus na ceachtanna, ach don té a bheadh á úsáid ar chuairt fhánach, dála fhoclóra, b’fhearr go mór go mbeadh teacht éasca ar an mbuneolas. Freisin, dá n-athródh an sampla ar an leathanach baile gach lá, d’fhéadfadh sé a bheith ina nós ag cuairteoir stracfhéachaint rialta laethúil a thabhairt ar an suíomh, mar ábhar spéise agus féinoiliúna, murab ionann agus nuair a bheadh focal nó nath ar leith á fhiosrú, ó am go ham.

Is suíomh an-mhaith é seo, agus táimid cinnte go n-ardóidh sé caighdeán ginearálta na scríbhneoireachta.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.