LibreOffice Writer - Próiseálaí Focal i nGaeilge
Tá próiseálaí focal Gaeilge, atá ar fheabhas agus saor ó chostas, ar fáil ag an suíomh seo a leanas:
Mar a luaitear in áit eile ar an suíomh seo, tá litreoir leictreonach maith atá saor ó chostas ar fáil dó freisin. Freisin, tá teasáras an-mhaith ann.
Tá aistriúchán den scoth go Gaeilge déanta ar an bhfeidhmchlár seo.
Nóta: Ós rud go bhfuil Oracle, ar leo OpenOffice.org, tar éis cinneadh a dhéanamh gan a thuilleadh forbartha a dhéanamh air, tá forbróirí neamhspleácha eile tar éis cinneadh a dhéanamh forbairt neamhspleách a dhéanamh air, ach faoin ainm eile, “LibreOffice”, atá faoi chaibidil againn anseo. Déanfaidh LibreOffice déileáil le haon cháipéis a ullmhaíodh le hOpenOffice.org, agus tá na hiarmhíreanna céanna (odt, agus a leithéid) i gceist freisin.
... agus dála an scéil
Tá i bhfad níos mó ar fáil sa phacáiste seo: tá clár scarbhileoige, clár cur i láthair, clár líníochta agus eile freisin.
Cad é LibreOffice?
Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea LibreOffice atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh).
Tá cosúlachtaí ann le Microsoft Office (ar cuid é Word de), ach ní hé an rud céanna é. Mar sin féin, is féidir cáipéisí ó Microsoft Office (.i. Word) a tharraingt isteach ann agus a léamh, agus ansin a athshábháil i bhfoirm Microsoft Office arís, más gá.