LibreOffice Writer - Próiseálaí Focal i nGaeilge
Tá próiseálaí focal Gaeilge, atá ar fheabhas agus saor ó chostas, ar fáil ag an suíomh seo a leanas:
Mar a luaitear in áit eile ar an suíomh seo, tá litreoir leictreonach maith atá saor ó chostas ar fáil dó freisin. Freisin, tá teasáras den scoth ann.
Tá aistriúchán den scoth go Gaeilge déanta ar an bhfeidhmchlár seo.
Nóta: Ós rud go bhfuil Oracle, ar leo OpenOffice.org, tar éis cinneadh a dhéanamh gan a thuilleadh forbartha a dhéanamh air, tá forbróirí neamhspleácha eile tar éis cinneadh a dhéanamh forbairt neamhspleách a dhéanamh air, ach faoin ainm eile, “LibreOffice”, atá faoi chaibidil againn anseo. Déanfaidh LibreOffice déileáil le haon cháipéis a ullmhaíodh le hOpenOffice.org, agus tá na hiarmhíreanna céanna (odt, agus a leithéid) i gceist freisin.
... agus dála an scéil
Tá i bhfad níos mó ar fáil sa phacáiste seo: tá clár scarbhileoige, clár cur i láthair, clár líníochta agus eile freisin.
Cad é LibreOffice?
Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea LibreOffice atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office agus OpenOffice.org san áireamh).
Tá cosúlachtaí ann le Microsoft Office (ar cuid é Word de), ach ní hé an rud céanna é. Mar sin féin, is féidir cáipéisí ó Microsoft Word a tharraingt isteach ann agus a léamh, agus ansin a athshábháil i bhfoirm Microsoft Office arís, más gá.