OpenOffice.org Writer - Próiseálaí Focal i nGaeilge

Tá próiseálaí focal Gaeilge, atá ar fheabhas agus saor ó chostas, ar fáil ag an suíomh seo a leanas:

Mar a luaitear in áit eile ar an suíomh seo, tá litreoir leictreonach maith atá saor ó chostas ar fáil dó freisin. Freisin, tá teasáras an-mhaith ann.

Tá aistriúchán den scoth go Gaeilge déanta ar an bhfeidhmchlár seo.

Nóta: Tá Oracle, ar leo an táirge seo anois (tar éis dóibh Sun Microsystems a ghabháil tamall ó shin), tar éis cinneadh a dhéanamh gan a thuilleadh forbartha a dhéanamh ar OpenOffice.org - Is bogearra saor ó chostas é, agus chosain sé airgead orthu cúram a dhéanamh de. Ós rud é gur táirge foinse oscailte é, rinne forbróirí neamhspleácha eile cinneadh forbairt neamhspleách a dhéanamh air, ach faoi ainm eile, “LibreOffice” (Féach anseo.). Mar sin, muna bhfuil ceachtar den dá chlár íosluchtaithe agat, molaimid duit LibreOffice a íosluchtú. Déanfaidh LibreOffice déileáil le haon cháipéis a ullmhaíodh le hOpenOffice.org, agus tá na hiarmhíreanna céanna (odt, agus a leithéid) i gceist freisin. Tá cuntas ar LibreOffice ar an suíomh seo freisin.

... agus dála an scéil

Tá i bhfad níos mó ar fáil sa phacáiste seo: tá clár scarbhileoige, clár cur i láthair, clár líníochta agus eile freisin.

Mar a deir an suíomh ag OpenOffice.org: Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea OpenOffice.org atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh).

Tá cosúlachtaí ann le Microsoft Office (ar cuid é Word de), ach ní hé an rud céanna é. Mar sin féin, is féidir cáipéisí ó Microsoft Office (.i. Word) a tharraingt isteach ann agus a léamh, agus ansin a athshábháil i bhfoirm Microsoft Office arís, más gá.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.