Aistritheoirí

Cé nach mbaineann sé seo go díreach le cúrsaí ríomhaireachta, níor mhiste sonraí teagmhála aistritheoirí a lua.

Aistriú

Má tá aistritheoir de dhíth ort, is féidir leat ceann oilte agus cáilithe a aimsiú ar liosta Fhoras na Gaeilge. Déan cliceáil ar an nasc “Aistritheoirí Creidiúnaithe don Earnáil Phoiblí”.

Logánú

Más logánú atá á dhéanamh agat, sé sin suíomh idirlín, both leictreonach nó feidhmchlár ríomhaireachta a chur in oiriúint don Ghaeilge, is féidir leat dul i dteagmháil leis na saineolaithe ag Dúrud Teoranta, ag an seoladh seo a leanas: eolas@durud.ie.

Nóta: Is é Dúrud Teoranta a d’fhorbair an suíomh áirithe seo.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal