Clóscríobh

Sa chuid seo den suíomh déantar cur síos ar ghnéithe den mhéarchlár, agus dá úsáid, atá ábhartha i gcás scríbhneoireacht na Gaeilge.

Tá na ríomhairí agus na feidhmchláir a úsáidtear go forleathan in Éirinn curtha in oiriúint den chuid is mó don Bhéarla, ní don Ghaeilge. Mar sin, níl siad fóirsteanach uaireanta nuair atá Gaeilge á scríobh. Tarlaíonn rudaí aisteacha ó am go ham (go háirithe maidir le ceartúcháin uathoibríocha), agus má tá litreoir leictreonach Béarla á úsáid agus doiciméid á scríobh ní fheictear ach línte dearga spiacánacha ar fud na háite. Tá leigheasanna ann anois ar na fadhbanna seo.

Le caoinchead Ardmhúsaem na hÉireann (Taifead 32117, An chéad chlóscríobhán ag Conradh na Gaeilge, agus an chéad cheann Gaelach ar rinneadh riamh, meastar, ~1905)

Méarchlár don Ghaeilge

An cheist is coitianta a chuirtear ar an suíomh seo ná cén chaoi le síntí fada a fháil... Tá sé dochreidthe nach bhfuil fios forleathan ann maidir leis seo, gur cineál rúin atá ann, ach b’fhéidir nach ionadh, nuair nach bhfuil na gutaí fada ar taispeáint go soiléir ar na méarchláir atá in úsáid...

nascanna.com (nó Dúrud Teoranta go hoifigúil) tar éis dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méarchlár nua don Ghaeilge (atá oiriúnach chomh maith don Bhéarla) a dhearadh agus a chur á dhéanamh, le comhoibriú ón gcuideachta ard-teicneolaíochta mSemicon Teoranta.

Tá sé ar díol ó dheireadh 2013, agus tá eolas faoi le fáil anseo agus ar áiteanna eile ar an suíomh seo.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal