GoogleBooks

Tá Google, fathach an idirlín, tar éis neart foclóirí Gaeilge nár chualathas trácht orthu le breis agus 70 bliana, agus atá i dtaisce i leabharlanna ar fud an domhain, go háirithe sna Stáit Aontaithe, a scanadh agus a chur faoi bhráid an phobail. Tá saibhreas mór iontu seo, mar aon le focail bhreátha nach n-aimsítear i bhfoclóirí a foilsíodh le déanaí.

Is féidir na foclóirí seo a íosluchtú ina n-iomláine in bhfoirm PDF, gan chostas don úsáideoir tuata, rud atá luachmhar. Ach, is féidir, ar-líne, leas a bhaint as uirlisí Google chun taighde níos mine a dhéanamh.

Chun teacht ar na leabhair seo, ba cheart na céimeanna seo a leanas a leanúint, ar do bhrabhsálaí/líonléitheoir:

  1. Téigh go dtí: books.google.ie (Sé sin gan “www” os a chomhair)
  2. Roghnaigh advanced book search ar barr ar dheis ón mbosca cuardaigh.
  3. Sa chéad bhosca cuardaigh, déan “Irish dictionary” a chur isteach.
  4. Ar clé, roghnaigh an líne full view only sula ndéanann tú aon rud.

Feicfidh tú rogha maith leabhar. Tá na seanleabhair, gan cóipcheart, ar fáil ina n-iomláine.

uirlisí cuardaigh ann don leagan ar-líne, nó is féidir an leagan PDF a íosluchtú freisin agus é a scrúdú leis na huirlisí sa léitheoir PDF ag an gcuairteoir féin, ach - mar a dúradh - is fearr go mór an uirlis ar-líne.

Conas a aimsítear focal leis na huirlisí cuardaigh?

Más mian leat focal a aimsiú, ní gá ach an focal a chlóscríobh sa bhosca cuardaigh ar an taobh clé den leathanach agus “Go” a bhrú ina dhiaidh sin. Uaireanta ní bhíonn an cuardach beacht ná ceart toisc nach “dtuigeann” an córas cuardaigh an cló Gaelach atá sa téacs. (Nóta: Caithfear oibriú ar-líne chuige seo - ní oibríonn sé seo laistigh de léitheoir PDF.) Má tá fadhb agat le Firefox, bain leas as Explorer.

Seo roinnt seoda as cnuasach GhoogleBooks:

The English Irish Dictionary / An Foclóir Béarla Gaoidheilge

Le Conchobhar Ó Beaglaoich agus Aodh Bhuidhe Mac Cuirtin 1732, Páras, An Fhrainc

Foclóir Béarla-Gaeilge; Líon na Leathanach: 717; Réamhrá: 9 leathanach

Cló: Cló Rómhánach agus Cló Gaelach le noda

Tá graiméar ar leathanach 674.

Nótaí:

Ba é seo an chéad fhoclóir Gaeilge cuimsitheach a foilsíodh agus a chlóbhualadh riamh. Foilsíodh i bPáras na Fraince é sa bhliain 1732. Is foclóir Béarla-Gaeilge é agus is foclóir toirtiúil é. Tá an-chuid eolais ann. Tá réamhrá i Laidin, Gaeilge, Béarla agus Fraincis ann. Mar aon leis sin, tá graiméar Gaeilge ag cúl an leabhair. Tá an Béarla sa chló Rómhánach agus an Ghaeilge clóite i gcló Gaelach darbh ainm Cló Phárais. Dearadh an cló áirithe seo don bhfoclóir seo. Tá an cló seo níos cosúla le peannaireacht ná aon chló Gaelach eile dá raibh ann roimhe. Níl an Ghaeilge chomh soiléir sin agus bíonn sé deacair litriú focal áirithe a thuiscint. Mar aon leis sin, baintear feidhm as noda sa Ghaeilge. Mura bhfuil siad seo ar eolas, beidh sé deacair na focail a thuiscint. (Féach www.gaelchlo.com maidir le noda.) Cé go bhfuil na focail as Béarla níos soiléire, tá siad clóite i seanchló Rómhánach freisin agus feictear litreacha nach mbaintear feidhm astu sa lá atá inniu ann. Feictear seanlitriúcháin sa Bhéarla freisin amhail ‘busie’ ar ‘busy’, ‘ruine’ ardo ‘ruin’, ‘taylor’ do ‘tailor’ agus araile. Ní hí an Ghaeilge an t-aon teanga ar a rinneadh caighdeánú ó shin.

Aicmítear na focail de réir aibítre, ar nós aon fhoclóra. Ach, thairis sin, bristear na focail Bhéarla (sé sin iadsan atá dá gcuardach ag an léitheoir) ina ngrúpaí de réir na chéad thrí litreacha, amhail ABU, ACA, ACC, ACE agus araile, rud a chiallaíonn go mbíonn sé níos fusa focail a aimsiú.

Tá an foclóir seo breac le nathanna maille le hainmfhocail. Seo samplaí bunaithe ar an bhfocal “Acquaintance” (Leathanach 11) AcquaintanceCaidreamh I have little acquaintance with himAtá caidreamh beag agam leis I brought him acquainted with the best familiesDo rugas é ag caidreamh na muinntear is fearr I will make [or I will get] you acquainted with himDo bheárad caidreamh duit leis.

Tá an foclóir féin taitneamhach agus saibhir, é ag cur thar maoil le focail agus nathanna a bhí á rá i mBéarla agus i nGaeilge na linne. Tá focail ghraosta sa bhfoclóir seo freisin, mar is dual d’aon fhoclóir cuimsitheach. Léiriú atá ann freisin ar chultúr na ndaoine an tráth úd sna focail agus nathanna cainte a bhí in úsáid. Féach leathanach 71 “A bitch – forainm scanalach do mhnaoi mhnádhamhúil.” Tabhair faoi dearadh ar leathanach 16 “To have an affair with a woman – cumann, nó cluain do bheith le mnaoi.” Agus ansin: “I shall piss upon your graveMúinfidh mé ar huaighe, nó mairfead tar héis.” (Leathanach a 539). Tá neart focal eile ann nach bhfaightear i bhfoclóir de Bhaldraithe. Níor mhiste macántacht (agus saibhreas) dá leithéid sin i bhfoclóirí an lae inniu.

Agus cad faoin saoithiúlacht seo: “If you can’t bite, never shew your teethMuna bhféada tú cagnadh, ná tesbéan t’fhiacla.” (Leathanach a 71. Tabhair faoi dearadh an seanlitriú ar show i mBéarla). “Many do kiss the hands they wish to see cut offPógaid mórán na lámha ba miann leo do staladh, nó do stathadh, is minic cealg ambun na póige (Leathanach a 385). Aon duine ar aoibhinn leis seanchas agus saibhreas focal, bainfidh sé sult agus sochar as an bhfoclóir seo.

Focalóir Gaoidhilge-Sax-bhéarla or An Irish-English Dictionary

Seán Ó Briain (John O’Brien)

Foilsithe i bPáras na Fraince, 1768

Líon na leathanach: 522 Réamhrá: Tá réamhrá ann ó i go xlvii.

Tabhair faoi dearadh go bhfuil ceithre leathanach de cheartúcháin ar bhotúin (errata) sa bhfoclóir. Tá na ceartúcháin le feiceáil ag cúl an leabhair. (Faraor, níl uimhreacha ar na leathanaigh áirithe seo.)

Is foclóir Gaeilge-Béarla é an foclóir seo. Tá an Ghaeilge agus an Béarla clóite sa chló Rómhánach agus tá sé soiléir é a léamh. Fainic! Tá seanlitriú i bhfeidhm ar an nGaeilge agus an Béarla. Tá seanchló i bhfeidhm ar an mBéarla, an litir S ach go háirithe.

Ní raibh na clódóirí in ann síntí fada a chur ar na gutaí móra sna ceannfhocail Gaeilge. Ina n-éagmais, chuireadar uaschamóga, mar shampla U’RGHRA’NNA, nós a chleachtaítear fós i dteangacha áirithe, ar nós na hIodáilise.

Tá na ceannfhocail Gaeilge clóite i litreacha móra agus tá na focail Bhéarla a ghabhann leo clóite i litreacha beaga. Is é seo an foclóir is áille ó thaobh maisiúcháin de. Tá tús gach caibidle maisithe mar aon leis an gcéad fhocal i ngach caibidil.

Ní hamháin go dtugtar aistriú ar fhocail Ghaeilge, ach tugtar sanasaíocht do roinnt de na focail freisin. Tá saibhreas iontach le fáil sa bhfoclóir seo. Féach cad é atá le rá faoin bhfocal Uisg (uisce) ar leathanach a 506.

English Irish Dictionary

Tadhg Uí Choinnialláin (Thaddeus Connellan), 1814, Baile Átha Cliath

Líon na leathanach: 145 Réamhrá ó iii go vii

Tá gluais do noda ann ar leathanach a vii.

Foclóir Béarla-Gaeilge

Tá na focail Gaeilge clóite sa chló Gaelach agus tá an Béarla clóite sa chló Rómhánach.

Nótaí:

Foilsíodh an foclóir do dhaltaí scoile a bhí ag foghlaim Gaeilge. Is foclóir gairid é: níl ann ach 145 leathanach agus 8,000 focal. I bhformhór an fhoclóra níl ann ach focal amháin Ghaeilge ar gach focal Béarla, gan nathanna ná saibhreas eile. Tá an Ghaeilge clóite i gcló darbh ainm Cló Parker. Baineann tábhacht ar leith leis an gcló seo mar is é an chéad chló Gaelach é a dearadh in Éirinn. Teilgeoir cló darbh ainm Stephen Parker a chruthaigh é agus is cosúil go raibh cló Phárais (féach thuas) mar eiseamláir aige. Tá an cló seo beagáinín míshlachtmhar agus doiléir.

Tá focail ann ó Ghaeilge na linne sin atá ar fheabhas. Aistrítear Bedlam mar bruighean mhire. Féach mar atá Bin ag an údar – ionad taisge. Mechaniccéarduigh, saor. Uaireanta bíonn an Béarla tearc ach bíonn an Ghaeilge ramhar le roghanna mar aistriú ar an bhfocal Béarla. Féach Parkcluan, ion, crota, mothar, maigh, magh, machaire.

Cé nach bhfuil an foclóir seo chomh toirtiúil agus atá cinn eile, is féidir leas agus sochar a bhaint as.

An Irish-English Dictionary / Sanas Gaoidhilge Sagsbhearla

Le Edward O’Reilly, 1821, Baile Átha Cliath

Foclóir Gaeilge-Béarla; Réamhrá: 5 leathanach

Tá graiméar 26 leathanach ar fhad roimh an foclóir.

Cló: Cló Rómhánach agus Cló Gaelach le noda

Nótaí:

Foilsíodh an foclóir seo trí uaire - in 1821, 1832 agus 1864. Tá na heagráin nach mór mar i gcéanna. An difear is mó atá le sonrú ná go bhfuil an cló Gaelach éagsúil eatarthu. Tá an cló Gaelach níos soiléire in eagrán 1864. Is foclóir mór cuimsitheach Gaeilge-Béarla é an foclóir seo. Is leabhar toirtiúil é. Tá an-chuid eolais agus saibhris le fáil ann.

Tá an Ghaeilge sa bhfoclóir seo clóite sa chló Gaelach. Cé go bhfuil an cló álainn, tá na focail beagáinín doiléir agus bíonn sé deacair iad a léamh uaireanta. Mar aon leis sin, tá noda i measc na bhfocal. Muna bhfuil siad seo ar eolas b’fhéidir go mbeidh sé deacair litriú na bhfocal a leanúint. Ach tá leigheas ag na foilsitheoirí ar an bhfadhb seo: Tá na focail Ghaeilge clóite acu sa chló Rómhánach díreach tar éis gach focal. Fainic! Níl síntí fada ar na gutaí ar na focail Ghaeilge atá clóite sa chló Rómhánach.

Ag tús gach caibidle, tá cur síos ar an litir agus ar thréithe na litreach, rud nach bhfeictear chomh sonrach i bhfoclóirí na linne seo. Tugtar míniú cuimsitheach i mBéarla ar gach litir sula gcuirtear na focail ar fáil. Tá seanchas agus saibhreas sna míniúcháin seo.

Léirítear míniúchán ilbhríoch focal áirithe. Seo a leanas na míniúcháin éagsúla agus codarsnacha atá ag an bhfocal “Caise”: Caisea stream of any kind; Caisea wrinkle, fold, twist, plait; Caisea cake; Caisepassion, quickness; Caisea mushroom; Caisethe private parts of a female; Caisediscord, enmity, hatred; Caise / Caislove, affection, regard.

Fadhb bheag amháin a bhaineann leis an bhfoclóir seo ná nach bhfuil uimhreacha ar na leathanaigh, mar sin ní féidir dul go leathanach áirithe de réir oird.

Focalóir Gaoidhilge – Sags-bhéarla

Seán Ó Briain, 1832, Baile Átha Cliath

Líon na leathanach: 470 Tá réamhrá ann ó leathanach i go xlix.

Tugtar míniú sách fada ar gach litir roimh na focail a thosaíonn leis an litir áirithe sin. Ní foclóir amháin atá sa bhfoclóir seo: is leabhar staire é freisin. Insítear faoi dhaoine áirithe i stair na hÉireann ar fud an leabhair.

Tá na focail Ghaeilge clóite sa chló Gaelach agus tá an Béarla clóite sa chló Rómhánach. Níl an cló Gaelach sa bhfoclóir seo ró-shoiléir.

Foclóir Gaoidhilge-Sacs-Bhéarla or an Irish-English Dictionary

Thomas de Vere Coneys, 1849, Baile Átha Cliath

Líon na leathanach: 382

Tá réamhrá idir leathanach v agus vii. Tá na giorrúcháin sa bhfoclóir sonraithe ar leathanach iv.

Foclóir Gaeilge-Béarla is ea é.

Tá an Ghaeilge clóite i gcló Gaelach darbh ainm Cló Fry (Tuilleadh faoi Scríbhinn: Fry). Tá an Béarla clóite i gcló Rómhánach agus Iodálach. Tá an dá theanga clóite go soiléir agus tá sé furasta iad a léamh.

Nótaí:

An cuspóir a bhí ag an údar agus é ag cur an fhoclóra seo i dtoll a chéile ná foclóir a chur ar fáil a bheadh mar áis do dhaoine ar mian leo an Bíobla a léamh i nGaeilge. Déantar an-chuid tagairtí do scéalta sa Bhíobla ann.

Féach atá scríofa faoi Neamhain g. neamhnas.f. Tormentil, steptfoil; Tormentilla. An herb used, particularly in Connaught, as very effectual in tanning leather. McN. It is employed also in the cure of dysentry on account of its astringent qualities. (Leathanach a 259).

An English Irish Dictionary

Le Domhnaill Uí Fhoghludha (Daniel Foley), 1855, Baile Átha Cliath

Foclóir Béarla-Gaeilge; Líon na Leathanach: 384; Réamhrá: 2 leathanach ó iii go iv.

Cló: Cló Rómhánach agus Cló Gaelach

Nótaí:

Cuireadh an foclóir seo i dtoll a chéile do mhic léinn ollscoile a bhí ag foghlaim Gaeilge. Tá leagan amach soiléir ar an bhfoclóir seo. Tá na focail i mBéarla clóite i gcló Rómhánach atá an-soiléir. Tá na focail Gaeilge clóite i gcló Gaelach darbh ainm cló Petrie (Féach: Scríbhinn). Is cló maisiúil reatha é. Tá an litriú soiléir ach bí airdeallach i dtaca leis an R agus an S beag: tá siad an-chosúil lena chéile! Tá roinnt noda sa chló seo ach tá an bhrí atá leo soiléir.

Tá neart sa bhfoclóir seo. Dá mhéad focal Béarla atá ann, tá a chúig oiread focal Gaeilge ann. Arís agus arís eile, tugann Uí Fhoghludha rogha fhairsing focal i nGaeilge mar mhíniú ar an bhfocal Béarla. Seo mar atá Method aistrithe aige – órdughadh, módh, aonta, gleus, slighe, riaghail, cuma. Fiú nuair is focal neamhchoitianta é, cuirtear aistriúchán leathan i nGaeilge bhinn ar fáil. Seo mar atá Zephyrgaoth an shiar, séimh ghaoth, iar-ghaoth. Dar le Ó Dónaill Steifir an t-aistriúchán cuí. Nach deise na focail a roghnaigh Uí Fhoghludha?

Go minic bíonn an Ghaeilge níos sothuigthe ná mar a bhíonn an focal bunaidh sa Bhéarla. Tá an-chuid focal i mBéarla ann nach ndeirtear a thuilleadh, nó nach gcloistear go minic ar aon nós. Cad is brí le algidity? Thuigfeá an bhrí ón nGaeilge – Fuachd, siocamhlachd (fuacht, siocúlacht i nGaeilge na linne seo). Focail dhébhríocha eile i mBéarla ar féidir a nochtadh ná absterge, accolent, allodium, alogy, amain, ambages, marcid agus araile. Is gá dul i dtuilleamaí foclóir Bhéarla chun iad a thuiscint, ach thuigfeá iad dá léifeá an Ghaeilge lena n-ais. Rud atá soiléir ná cé chomh beacht agus atá na focail Ghaeilge i gcomparáid leis na focail Bhéarla.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.