WinGléacht

Ceann de mhórfhoclóirí na Gaeilge is ea foclóir Uí Dhónaill, foclóir Gaeilge – Béarla. Níl sé seo ar fáil ar an idirlíon, faraor. Ach, is féidir leagan leictreonach de, ar an nglaoitear WinGléacht, atá oiriúnach do ríomhairí ar a ritheann Windows (amháin), a cheannach. Ach, ós rud é go bhfeidhmíonn sé ar an ríomhaire, is féidir é a úsáid freisin mar fhoclóir Béarla – Gaeilge. Tá an foclóir leagtha amach go han-néata ar fad.

Nóta faoi Windows 7: Tuairiscíonn roinnt daoine deacrachtaí an clár seo a chur i bhfeidhm faoi Windows 7, ach dar le daoine eile oibríonn sé go breá.

Mar shampla, má chuirtear isteach an focal “rá” sa bhosca cuí, agus cuardach a dhéanamh air mar fhocal Gaeilge, cuirtear lán leathanach aistriúchán go Béarla ar fáil.

Ansin, nuair a fheictear focal sa chló gorm, arís mar shampla an ceannfhocal “rá”, is féidir deaschliceáil luchóige a dhéanamh air, rud a osclaíonn fuinneog nua ina bhfuil an oiread eolais ghramadaí agus a bheadh uait maidir leis an bhfocal céanna. Tá an t-eolas iomlán, cruinn agus furasta a thuiscint.

Tá áiseanna beaga eile ann freisin a thaitneodh le daoine áirithe: is féidir an téacs Gaeilge a thaispeáint sa chló Gaelach; is féidir méid an téacs a mhéadú nó a laghdú go mór; tá aistriúcháin ann ar théarmaí gramadaí; agus neart eile a bheifí ag súil leis i bhfeidhmchlár tráchtála dá leithéid. Téann sé i mbun oibre go tapa freisin.

Mar sin féin, tá roinnt easnamh air. Níl na nathanna agus na habairtíní samplacha a théann leis na focail atá i bhfoclóir Uí Dhónaill san áireamh – níl ann ach creatlach na bhfocal. Is mór an trua é seo, mar is féidir an-leas (agus taitneamh) a bhaint as na samplaí, iad iontach saibhir ó thaobh na teanga de. Freisin, cé go bhfuil WinGléacht curtha in oiriúint do Windows, níl leanann sé gnásanna Windows ar fad, rud a chiallaíonn go n-iompraíonn sé é féin pas as an ngnách. (Scríobhadh an bunleagan sular tháinig Windows ar an bhfód.) Freisin, ní féidir dul siar sa chuardach go dtí focal a bhí á chuardach díreach cheana. Mar sin féin, is áis iontach an clár seo, cé go bhfuil sé an-daor ar €25. Bheadh €10 níos stuama mar phraghas.

WinGléacht ar fáil in an-chuid siopaí, agus ar an ngréasán, ó Chló Iar-Chonnachta, ag:

Tá cúpla léirmheasanna ann freisin ar an suíomh ag www.litriocht.com (áit ar féidir é a cheannach freisin), ag an seoladh seo a leanas:

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.