Aidiachtaí

An mbíonn bananaí ón Afraic níos buí, níos buíthe nó níos buidhe ná bananaí ó Mheiriceá Láir? Má tá an cheist seo, nó ceisteanna eile i dtaca le breischéim na n-aidiachtaí, ag déanamh tinnis duit beidh áthas ort a chloisteáil go bhfuil áiseanna ann anois a thiocfaidh i gcabhair ort.

Mór – Níos (Breischéim) – Is (Sárchéim)

Tá an aidiacht sin – dála neart eile – simplí go leor, ach cad faoi nua (níos nua? nuaí? nuaidhí?) Uaireanta, ní bhítear go hiomlán cinnte.

Is é WinGléacht an áis is fearr le freagra a thabhairt ar an gceist seo. Cé gur foclóir atá ann i ndáiríre, is féidir na leaganacha éagsúla de fhocail áirithe a aimsiú ann éasca go leor. Má chuirtear an aidiacht isteach sa bhosca cuardaigh (buí mar shampla), taispeántar liosta aistriúchán. Roghnaítear an ceann ar aidiacht é, déantar deaschliceáil air agus taispeánfar na leaganacha éagsúla den aidiacht. (Bíonn bananaí níos “buí”, dála an scéil. Ach níos nuaí.)

... Agus Sna Tuisil ...

Ar ndóigh, athraíonn na haidiachtaí go minic freisin mar thoradh ar an tuiseal a úsáidtear (m.sh. Tá an teach mór (mór san tuiseal ainmneach); Tá dath an tí mhóir deas (mór sa tuiseal ginideach). Déanann WinGléacht cúram de sin freisin: taispeántar na leaganacha den aidiacht sna tuisil éagsúla freisin ar an leathanach céanna.

Tá na leaganacha éagsúla de na haidiachtaí (sna tuisil amháin) ar fáil freisin in An Foclóir Beag.

Is gá íoc as an bhfeidhmchlár WinGléacht. Ní áis saor ó chostas é. Pléitear WinGléacht faoi áiseanna aistriúcháin.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.