Gaeilge

Cé go bhfuil a lán acmhainní don Ghaeilge ar fáil ar an idirlíon, níl ach líon beag a bhaineann le Gaeilge amháin. Sa chuid seo den suíomh déantar cur síos orthu siúd.

Ina measc seo, tá cóip den Chaighdeán. Tá suíomh do An Foclóir Beag, agus cóip den leabhar de facto gramadaí, Graiméar na mBráithre Críostaí ann. Tá, freisin, próiseálaithe focal ann, ar fáil i nGaeilge, agus ceann amháin acu go hiomlán saor in aisce.

Roghnaigh na naisc ar clé chun iad a fheiceáil.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.