Gaeilge

Cé go bhfuil neart acmhainní ann ar an idirlíon i dtaca leis an nGaeilge, níl ach cúpla ceann a bhaineann go heisiach le Gaeilge, sé sin nach bhfuil rian de theanga eile orthu. Sa chuid seo den suíomh déantar cur síos orthu siúd.

Ina measc seo, tá cóip den Chaighdeán. Tá freisin leagan leictreonach de An Foclóir Beag, agus cóip den leabhar de facto gramadaí, Graiméar na mBráithre Críostaí. Tá, freisin, próiseálaithe focal ann, ar fáil i nGaeilge, agus ceann amháin acu go hiomlán saor in aisce.

Déantar cliceáil ar na naisc ar clé chun teacht orthu.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.