Síntí Fada ar an Méarchlár Sasanach

Mura bhfuil méarchlár de chuid NASCANNA in úsáid agat, ní mór duit céimeanna ar leith a ghlacadh chun teacht ar na síntí fada ar an méarchlár atá in úsáid go forleathan in Éirinn. Seo a leanas mar a dhéantar é.

Ar Windows

Is féidir síneadh fada a chur ar ghuta (a, o, u, i, agus e) tríd an cnaipe Alt Gr a bhrú, agus a choinneáil brúite, roimh agus a fhaid agus a bhrúitear an cnaipe cuí don ghuta. Gheofar á, ó, ú, í agus é sna cásanna sin.

Má tá cinnlitreacha ag teastáil, ba cheart Alt Gr a bhrú agus ansin Iomlaoid (.i. Shift), agus iad araon a choinneáil brúite, agus ansin an guta a roghnú. Gheofar Á, Ó, Ú, Í agus É sna cásanna sin.

Tá bealaí eile ann freisin, ach is é an bealach atá luaite an bealach is éasca. Is féidir, mar shampla, laistigh de MS Word, Ionsáigh (Insert) a roghnú ón roghchlár, agus ansin Siombail (Symbol) chun aon charachtar is mian a roghnú, gutaí fada san áireamh. In OpenOffice Writer, roghnaigh Ionsáigh agus Carachtar Speisialta chun an rud céanna a dhéanamh.

Ar an Mac

Tá roinnt bealaí ann:

Roghnaigh Gaeilge mar mhéarchlár. Ansin, chun síneadh fada a fháil, ní gá ach ALT a roghnú leis an nguta, agus sin é.

Muna bhfuil méarchlár Gaeilge roghnaithe agat: Chun síneadh fada a fháil caithfear an cnaipe Rogha (Option mar a ghlaoitear air i mBéarla) móide an cnaipe e a bhrú le chéile, agus díreach ina dhiaidh sin an guta atá de dhíth.

Mar shampla: an cnaipe Rogha mar aon le e, agus ansin an litir a = á

... agus mar sin de leis na gutaí eile.

Más mian leat cinnlitreacha a fháil le síntí fada, brúigh na cnaipí céanna mar aon leis an gcnaipe Iomlaoid (Shift mar a ghlaoitear air i mBéarla).

Mar shampla: an cnaipe Rogha mar aon le e, agus ansin Iomlaoid mar aon le a = Á

... agus mar sin de leis na gutaí eile.

Bealach eile ná na noda ar an leathanach seo a leanas a leanúint:

Max OS X Hints, as Béarla

Tá sé an bealach seo áisiúil d’éinne a bhaineann leas as carachtair neamhghnácha ar bith.

Físeán ar an ábhar ónár gcairde i BitesizeIrishGaelic

Tuilleadh eolais anseo

Bealach Eile Fós ... Féach é seo!

Muna bhfuil tú in ann an córas cuí thuas a chur i bhfeidhm, mar shampla má tá tú ag baint leas as ríomhaire i dtír le méarchlár eile (nó róleisciúil!), is féidir leat cuairt a thabhairt ar an suíomh seo a leanas:

Seo suíomh eile a d’fhorbair Kevin Scannell agus is é atá ann ná breiseán le húsáid leis an mbrabhsálaí Firefox chun síntí fada atá in easnamh a chur isteach.

Ba cheart an breiseán a íosluchtú ar an ngnáthbhealach ina dhéanfaí aon bhreiseán eile a íosluchtú.

Tá sé an-éasca a úsáid. Scríobh an téacs, agus ansin, leis an gcnaipe dheis den luchóg, roghnaigh Athchóirigh an Téacs: Gaeilge (ga). Cuirfidh sé sin na síntí fada isteach. Bí cúramach: roghnaítear an téacs ar fad san fhuinneog atá ar oscailt.

Leis an mbreiseán seo, is féidir na síntí fada a chur isteach nuair atáthar ar an ngréasán domhanda, mar shampla le gmail, blaganna, an Vicipéid, agus mar sin de.

Bí aireach! Ar nós gach ócáid ina dtugtar an deis don ríomhaire ceartú a dhéanamh, ní mór a bheith airdeallach. Déantar botúin mar sin caithfear a bheith cúramach. Tá sé seo fíor ach go háirithe le focail bheaga, ar nós “a” agus “na” agus a leithéid sin.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.