An Foclóir Beag
Má tá tú ag iarraidh míniú i nGaeilge a fháil ar fhocal Gaeilge, ba chóir duit leas a bhaint as an bhFoclóir Beag.
Seo foclóir Gaeilge-Gaeilge ar an idirlíon a chuir Roinn na Ríomheolaíochta in Ollscoil Luimnigh ar fáil, bunaithe ar An Foclóir Beag (An Gúm, 1991). Cé go bhfuil cuma an-shimplí ar an suíomh, tá an t-eolas air cruinn agus iomlán. Ní gá ach focal i nGaeilge a chur isteach sa bhosca cuí, an cnaipe “Cuardach” a bhrú, agus fanacht ar an bhfreagra. Ní hamháin go dtugtar míniú ar an téarma, ach déantar scagadh ar an bhfocal: cuirtear gach leagan den bhfocal ar fáil, rud nach ndéantar sa leagan clóite den bhfoclóir céanna.
Má chuirtear leagan neamhbhunúsach de fhocal isteach sa bhosca cuardaigh, aimsítear é sa tslí chéanna, m.sh. cathracha, agus mínítear ansin gur leagan de fhocal eile é (cathair).
I gcás ainmfhocail, cuirtear na leaganacha is tábhachtaí de ar fáil, an tuiseal ainmneach agus ginideach, uatha agus iolra. Más briathar atá i gceist, nuair is minic ar féidir a bheith amhrasach faoin leagan ceart, cuirtear na leaganacha ar fad de ar fáil, gach aimsir agus gach modh, dearfach agus diúltach, agus an modh ceisteach freisin. I gcás aidiachta, tugtar an bhreisfhoirm agus gach leagan de sna tuisil éagsúla.
Gearán amháin faoi, b’fhéidir, ná nach bhfuil sé chomh héasca sin an téacs féin a léamh ós rud é go bhfuil an cúlra chomh dorcha sin, ach is beag an rud é seo.
Go bhfios dúinn, is é seo an t-aon fhoclóir Gaeilge-Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon.