An Foclóir Beag

Cad is brí le capán, feileastram, nó an focal breá feillbhinn? Cad faoi leibéiseach? Agus leiciméir? An bhfuil nuachar agat? Tá freagraí ar cheisteanna mar seo, nó ar a laghad ar cheisteanna teanga, le fáil ar an suíomh seo a leanas:

Seo foclóir Gaeilge-Gaeilge ar an idirlíon a d’fhorbair Roinn na Ríomheolaíochta in Ollscoil Luimnigh, bunaithe ar An Foclóir Beag (An Gúm, 1991). Cé go bhfuil cuma an-shimplí ar an suíomh, tá an t-eolas air cruinn agus iomlán. Ní gá ach focal (i nGaeilge, litrithe i gceart!) a chur isteach sa bhosca cuí, an cnaipe “Cuardach” a bhrú, agus fanacht ar an bhfreagra. Ní hamháin go dtugtar míniú ar an téarma, ach déantar scagadh ar an bhfocal: cuirtear gach leagan den bhfocal ar fáil, rud nach ndéantar sa leagan clóite den bhfoclóir céanna.

Má chuirtear leagan neamhbhunúsach de fhocal isteach sa bhosca cuardaigh, aimsítear é sa tslí chéanna, m.sh. cathracha, agus mínítear ansin gur leagan de fhocal eile é (cathair).

I gcás ainmfhocail, cuirtear na leaganacha is tábhachtaí de ar fáil, an tuiseal ainmneach agus ginideach, uatha agus iolra. Más briathar atá i gceist, nuair is minic ar féidir a bheith amhrasach faoin leagan ceart, cuirtear na leaganacha ar fad de ar fáil, gach aimsir agus gach modh, dearfach agus diúltach, agus an modh ceisteach freisin. I gcás aidiachta, tugtar an bhreisfhoirm agus gach leagan de sna tuisil éagsúla.

Gearán amháin faoi, b’fhéidir, ná nach bhfuil sé chomh héasca sin an téacs féin a léamh ós rud é go bhfuil an cúlra chomh dorcha sin, ach is beag an rud é seo. Gearán beag eile ná nach gcuirtear bosca cuardaigh nua ar fáil nuair a chuirtear an toradh ar fáil; caithfear dul ar ais go dtí an ceannleathanach. Is beag na gearáin iad seo. An rud atá tábhachtach ná gur féidir braith ar an eolas ar an láithreán seo.

Go bhfios dúinn, is é seo an t-aon fhoclóir Gaeilge-Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.