nascanna.com & scriobh.ie

Tá dhá shuíomh le chéile anseo, scriobh.ie agus nascanna.com. Is é atá i scriobh.ie ná cur síos ar na háiseanna ríomhaireachta a bhaineann le Gaeilge, mar shampla foclóirí agus mar sin de. Is é atá i nascanna.com ná eolaire ar na háiseanna ríomhaireachta ginearálta atá ar fáil i nGaeilge, ach nach mbaineann leis an dteanga féin.

Cad é seo go díreach?

Tá neart áiseanna ann anois a chuidíonn le daoine Gaeilge a scríobh, idir litreoirí leictreonacha agus gramadóirí fiú, mar aon le foclóirí, agus neart eile. Tá an-chuid acu seo ar fáil saor in aisce freisin. Ar an suíomh seo, táimid tar éis na háiseanna is fearr ina measc seo a áireamh. Tá súil againn go mbaineann tú leas agus taitneamh as.

Tacaíocht

Ba mhaith le Dúrud buíochas as a ghabháil le Foras na Gaeilge as ucht maoiniú a chur ar fáil chun an suíomh seo a chur ar bun, agus chun poiblíocht a dhéanamh air.

Fáilte

Fáilte romhat chuig an suíomh scriobh.ie.

Is é atá sa suíomh seo ná cur síos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge. Ní suíomh litríochta ná a leithéid sin atá i gceist, ach áit ina bhfuil cuntas ar na hacmhainní teicniúla agus eile atá ann a chuidíonn le scríobh na teanga, idir fhoclóirí, litreoirí, agus eile. Má tá tuarascáil, fógra, aiste, litir, ríomhphost, nó eile á scríobh agat, tá gach seans ann go bhféadfá leas a bhaint as an láithreán seo.

Tá borradh mór tar éis tarlú sa réimse seo le blianta beaga anuas. Mar sin féin, níl aithne forleathan i measc lucht na Gaeilge féin gan trácht ar an bpobal i gcoitinne ar na háiseanna seo. Táthar ag súil go spreagfaidh an suíomh seo daoine le haithne a chur orthu, agus leas a bhaint astu.

Tá an chuid is mó den eolas atá ar an suíomh seo bailí do ríomhaire ar bith atá ceangailte leis an idirlíon, pé acu PC nó Mac, nó más ar an gcóras Windows, an córas Mac, nó an córas Linux a fheidhmíonn sé. Nuair nach bhfuil sé sin fíor, luaitear é.

Tá trí leagan den suíomh seo ann: Gaeilge (an leagan seo); Gaeilge shimplí; agus Béarla. Is é an leagan seo an leagan is cuimsithí agus an leagan ar cheart a úsáid má tá Gaeilge ag an té atá á léamh. Ní hionann na leaganacha éagsúla, mar tá siad curtha in oiriúint do dhaoine le Gaeilge líofa (a bheadh ag scríobh), Gaeilge mheasartha (a bheadh ag foghlaim agus iad a scríobh), nó daoine gan Ghaeilge ar bith (a bheadh b’fhéidir fiosrach maidir le cúrsaí aistrithe, mar shampla), faoi seach.

Úrscéala:

  • Tá an Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe foilsithe agus tá sé ar fáil anois anseo.
  • Tá breiseán nua ar fáil do Firefox ar féidir a úsáid le síntí fada atá in easnamh a chur isteach gan gá an méarchlár a úsáid. Tá a thuilleadh ag bun an leathanaigh seo.
  • Féach: www.aistear.ie.

Buíochas

Is togra de chuid Dúrud Teoranta an suíomh seo.

Gabhann Dúrud buíochas mór le Foras na Gaeilge, a chuir maoiniú ar fáil don togra.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Molaimid d’aon duine atá ag scríobh as Gaeilge leas a bhaint as LibreOffice. Seo próiseálaí focal atá saor in aisce ina bhfuil litreoir leictreonach agus teasáras freisin. Is féidir PDF a dhéanamh as an téacs freisin ar bhealach iontach éasca.

Is féidir cáipéisí MS Word a léamh le LibreOffice, athruithe a dhéanamh, agus iad a shábháil arís mar cháipéisí MS Word.

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Tá foclóir Gaeilge/Gaeilge ar fáil ar-líne. Ní hamháin go bhfuil míniú ar fhocail i nGaeilge, ach tá gach leagan de bhriathra agus focail eile a athraíonn le fáil ann freisin.

Potafocal

Má tá eolas uait ar fhocal ar bith, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an suíomh potafocal.com. Déanann an suíomh seo eolas atá ábhartha maidir leis an bhfocal atá á chuardach a chur ar fáil. Baintear leas as neart foinsí éagsúla, agus bíonn nascanna ann freisin ag áiseanna eile, leithéidí focal.ie. Is fiú go mór leas a bhaint as.

Seo atá á rá agaibh le déanaí
> Ni fhois agam :p
29.04.2013 16:05
PS It is not the font you need - many fonts have an consan buailte, but that;s not much use to you if you cannot access them: no keys. What...
05.04.2013 21:11
See the pages referenced on http://www.scriobh.ie/Page.aspx?id=6&l=1. Vincent Morley explains how to implement the consan buailte at the following site: http://www.gaelchlo.com/fuinneog.html Ma ...
05.04.2013 20:51
i am having enormous difficulty in acessing a font suitable for the old irish style of writing, particularly b seibhu. i have tried a lot of site and cannot get...
29.03.2013 11:08
See the instructions on the Gaelchló website. Everything is explained there.
17.03.2013 23:46
I have downloaded and installed Seanchló Ársa GC to my MacBook. How do I print a consonant with a buailte?
03.03.2013 19:26
Hmm... á gceannach. Ach níl gá, tá gach rud ar fáil ar an idirlíon, saor ó costas. Cén fáth go gceannófá é?
19.02.2013 12:57