Fáilte

Fáilte romhat chuig an suíomh nua scriobh.ie.

Is é atá sa suíomh seo ná cur síos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge. Ní suíomh litríochta ná a leithéid sin atá i gceist, ach áit ina bhfuil cuntas ar na hacmhainní teicniúla agus eile atá ann a chuidíonn le scríobh na teanga, idir fhoclóirí, litreoirí, agus eile. Má tá tuarascáil, fógra, aiste, litir, ríomhphost, nó eile á scríobh agat, tá gach seans ann go bhféadfá leas a bhaint as an láithreán seo.

Tá borradh mór tar éis tarlú sa réimse seo le blianta beaga anuas. Mar sin féin, níl aithne forleathan i measc lucht na Gaeilge féin gan trácht ar an bpobal i gcoitinne ar na háiseanna seo. Táthar ag súil go spreagfaidh an suíomh seo daoine le haithne a chur orthu, agus leas a bhaint astu.

Tá an chuid is mó den eolas atá ar an suíomh seo bailí do ríomhaire ar bith atá ceangailte leis an idirlíon, pé acu PC nó Mac, nó más ar an gcóras Windows, an córas Mac, nó an córas Linux a fheidhmíonn sé. Nuair nach bhfuil sé sin fíor, luaitear é.

Tá trí leagan den suíomh seo ann: Gaeilge (an leagan seo); Gaeilge shimplí; agus Béarla. Is é an leagan seo an leagan is cuimsithí agus an leagan ar cheart a úsáid má tá Gaeilge ag an té atá á léamh. Ní hionann na leaganacha éagsúla, mar tá siad curtha in oiriúint do dhaoine le Gaeilge líofa (a bheadh ag scríobh), Gaeilge mheasartha (a bheadh ag foghlaim agus iad a scríobh), nó daoine gan Ghaeilge ar bith (a bheadh b’fhéidir fiosrach maidir le cúrsaí aistrithe, mar shampla), faoi seach.

Úscéala:

Féach: www.aistear.ie.

Buíochas

Is togra de chuid Dúrud Teoranta an suíomh seo.

Gabhann Dúrud buíochas mór le Foras na Gaeilge, a chuir maoiniú ar fáil don togra.

Seo atá á rá agaibh le déanaí
Tá súil againn go bhfuil an t-eolas nua ceart. Is léir nach bhfuil sé chomh casta sin ar an Mac.
18.05.2012 15:00
An teanga atá roghnaithe ar mo Mac sna 'Preferences' ná 'English'. Aontaíom le hIarla nach gá ach alt + an guta a bhualadh agus tá an síneadh fada cuí agat (+ shift do cheann litir).
08.05.2012 11:26
GRMA, a Iarla. Caithfimid é sin a cheartú...
24.04.2012 12:45
Níl an t-eolas don Mac cruinn - níl le déanamh ach Gaeilge a roghnú mar mhéarchlár, agus ansin alt+ an guta atá uait a bhualadh. Tá roghanna teanga agus téacs ar fáil sna 'Preferences' faoi chomharth ...
23.04.2012 19:03
Níl an t-eolas don Mac cruinn - níl le déanamh ach Gaeilge a roghnú mar mhéarchlár, agus ansin alt+ an guta atá uait a bhualadh. Tá roghanna teanga agus téacs ar fáil sna 'Preferences' faoi chomharth ...
23.04.2012 19:01
Go raibh maith agat a Sheanán. Leamh mé an leabhair Dermot McGuinne -Irish Type Design- arís. Thug sé “Fry Moxon” ar an gcló san foclóir a chuir Graisberry agus...
10.03.2012 16:47
nílim cinnte an rachaidh mise, ach oiread
06.03.2012 14:55
i don't know if i will go
05.03.2012 11:32
A Phroinsias, Go raibh maith agat as ucht d'fhiosrú. Níl sé soiléir faoi láthair an é Fry Moxon nó Parker an chló-aghaidh ina bhfuil foclóir Uí Choinnialláin foilsithe. Féach seo http://www.scribhin ...
26.02.2012 19:09
Was Thaddeus Connellans dictionary printed in Fry Moxon type rather than Parker?
25.02.2012 09:15